An rialtas agus vótaí d'Éireannaigh i gcéin: moill, meabhal agus masla

Dáithí Ó Colchúin

Coimriú

Pléann an páipéar seo ceist thábhachtach chearta daonna a bhaineas leis an imirce, nach bhfuil aon réiteach go fóill uirthi. Tá faillí déanta ag rialtaisí in Éirinn ar Éireannaigh i gcéin ar bhealaigh éagsúla le fada. Ceann acu sin an cosc atá ar shaoránaigh thar lear vótáil ar bhealach suntasach ar bith in a dtír fhéin.

Déantar scrúdú ar chuid de na hargóintí i bhfábhar agus i gcoinne cearta vótála. Cuirtear an scéal in Éirinn i gcomparáid le tíortha eile. Scrúdaítear dearcadh an rialtais agus an fhreasabhra, dearcadh an phobail in Éirinn agus thar lear.

Teaspáintear an sárú atá déanta ag an stát ar chonarthaí idirnáisiúnta a bhfuil Éire páirteach iontu. Tá an-dheighilt idir an méid atá le rá ag an rialtas faoi chearta daonna agus an méid atá déanta acu maidir leis an gceist bhunúsach cearta daonna seo. Léiritear cuid de na bealaigh a bhfuil masla tugtha ag an rialtas d'imircigh, ina measc an páipéar a foilsíodh i 1996 faoi ionadaíocht sa Seanad agus an toradh a bhí air. Fiafraítear cé n fáth an bhfuil an scéal gan aon leigheas, gan aon réiteach tar éis gach a bhfuil ráite faoi le blianta.

Saoránacht

Tosaíonn Bunreacht Stáit Aontaithe Mheiriocá leis na focla spreagúla sin We the People. Ní thosaíonn Bunreacht na hÉireann leis na focla We 78% of the People agus ní húsáidtear na focla sin in aon pháirt eile den mBunreacht ach an oiread. Ach sin í n bhrí atá le reachtaíocht toghchánaíochta an stáit seo nuair a baintear cearta vótála de thimpeall 22% de shaoránaigh na tíre seo a rugadh sa stát agus a bhfuil cónaí orthu i gcéin.

Ceann de na rudaí is suntasaigh faoin gceist, nach fios go díreach cé mhéad Éireannach atá thar lear. Is cosúil nach bhfuil fhios ag an rialtas nó má tá, go bhfuil sé faoi rún. Dúirt an Páipéar Bán ar Ghnothaí Eachtracha go bhfuil 1.2 milliún saoránach thar lear a rugadh in Éirinn.1 Dúirt Gerry O'Hanlon, stiúrthóir staidreamh daonna sa Lár-Oifig Staidrimh, gur dócha go raibh an líon idir 800,000 agus 900,000.2 Ní fhéadfaí léiriú níos fearr a thabhairt ar a dtábhacht i ndearcadh an rialtais. Is í an uimhir 920,000 atá mar bhunús leis an 22% luaite thuas. Ní cosúil go bhfuil uimhir chruinn le fáil.

Tá ar chuid de shaoránaigh an stáit seo éileamh agus agóid a dhéanamh ar chearta vótála, cearta a nglactar leo go foirleathan i dtíortha ar mian leo daonlathas a thabhairt orthu fhéin. Ach ina ainneoin sin, tugann an stát seo agus polaiteoirí na tíre seo le fios don saol mór gur daonlathas atá anseo agus go bhfuil sé de cheart ag an tír seo léachtaí faoi chearta daonna a thabhairt do dhreamanna eile pé uair a dtograíonn siad é. Is cúis náire don tír é sin.

Tá glactha go foirleathan le cearta vótála sa lá atá inniu ann mar bhun-phrionsabal den daonlathas e.g.

The right of every citizen to vote and take part in the political process of a state is the foundation of its democracy.3

Above all, the citizen of a democracy must be free to vote.4

In the modern democratic state the basis of citizenship is the capacity to participate in the exercise of political power though the electoral process.5

Citizens have certain rights, duties, and responsibilities that are denied or only partially extended to aliens and other noncitizens residing in a country. In general, full political rights, including the right to vote and to hold public office, are predicated upon citizenship.6

Sna tagairtí sin ar fad agus sna scórtha eile, is le saoránacht a bhaineann an ceart vótála seo agus ní bhraitheann sé ar an saoránach a bheith ina chónaí sa stát. In Éirinn na linne seo, tá reachtaíocht i bhfeidhm a dhéanann cur i gcéill go bhfuil dhá ghrád saoránachta i gceist (rud nach ndéantar aon tagairt dhó sa mbunreacht), ceann acu do shaoránaigh a bhfuil cónaí orthu sa stát agus ceann eile dhóibh siúd atá thar sáile, agus gur cheart deighilt a dhéanamh eatarthu dhá bharr sin maidir le cearta vótála.

I gcás McKenna (Samhain, 1995), maidir le caiteachas an rialtais i bhfábhar an reifrinn faoi cholscaradh, chuir an Chúirt Uachtarach béim faoi leith ar chomhionannas agus ar chearta an tsaoránaigh. Ina measc bhí an méid seo:7

An Breitheamh Liam Hamilton:

The use by the Government of public funds to fund a campaign to influence the voters in favour of a 'yes' vote is an interference with the democratic process and the constitutional process for the Amendment of the Constitution and infringes the concept of equality which is fundamental to the democratic nature of the State.

An Breitheamh Hugh O'Flaherty:

To spend State money in this way breaches the equality rights of the citizens enshrined in the Constitution as well as having the effect of putting the voting rights of one class of citizens (those in favour of the change) above those of another class of citizens (those against).

An Breitheamh John Blaney:

The people are entitled to be treated equally...

Ní mór aird faoi leith a dhíriú ar fhocla Hugh O'Flaherty:

... putting the voting rights of one class of citizens ... above those of another class of citizens

Sin é go díreach atá á dhéanamh ag an reachtaíocht toghchánaíochta atá i bhfeidhm anseo.

Bille Gerry O'Sullivan (1991)

I Márta, 1991 chuir Gerry O'Sullivan, nach maireann, teachta den Lucht Oibre, bille príobháideach os comhair na Dála a thabharfadh ceart d'Éireannaigh thar lear vótáil i dtoghcháin Dála (agus dhá dheasca sin i dtoghcháin uachtaránachta agus i reifrinn chomh maith) go ceann chúig mbliana déag tar éis dhóibh an stát a fhágáil. Cé nach raibh an bille sásúil amach is amach (níor míníodh cén fáth a mbeadh uasteora ama ag baint leis an gceart seo, agus dhá mbeadh, cén fáth arbh é 15 bliana an teora cuí), b é seo an chéad iarracht suntasach deireadh a chur leis an éagcóir.

Ba chúis náire do chuile Éireannach an díospóireacht a bhí sa Dáil faoin gceist seo. Tugadh masla arís is arís eile d'Éireannaigh thar sáile. Baineadh úsáid as argóintí chomh bréagach is chomh fabhtach is a d'fhéadfaí. Náirigh an rialtas (Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach) iad fhéin go háirithe ag rá gur chóir cur in aghaidh an bhille

for reasons of principle, practicality and administrative reality8

I ndíospóireachtaí eile dúirt Flynn go mbainfeadh Éireannaigh i gcéin mí-úsáid as an vóta agus nuair adúradh leis nach raibh muinín aige as vótálaithe na hÉireann dúirt sé:

not abroad but at home9

Níor chuir sé fianaise fiúntach ar bith ar fáil a léireodh cén chúis a bhí aige leis na tuairimí maslacha seo.

I ndeireadh na dála, ní raibh aon amhras faoin dtoradh. Chuir páirtithe an rialtais ina choinne (66 vóta) agus thug an freasabhra tacaíocht dhó (62 vóta). De bharr an vóta seo, cheap daoine narbh ghá ach beagán foighde go mbeadh feabhas ar an scéal. Ach bhí an masla ba mhó ar fad fós le theacht.

An Páipéar Comhchomhairle (1996)

I Márta 1996 d'fhoilsigh an rialtas páipéar comhchomhairle inar mhol siad go gcuirfí trí shuíochán i Seanad Éireann ar fáil d'Éireannaigh thar lear. Bhí fhios ag an rialtas roimh ré nach mbeadh aon tóir ag na hÉireannaigh i gcéin ar na moltaí a bhí sa bpáipéar suarach seo.

Bunaíodh eagraíochta thar lear a raibh suim acu sa gceist seo ó dheireadh na hochtódaí - Glór an Deoraí i Londain i 1988, Irish Emigrant Vote Campaign sna Stáit Aontaithe agus Irish Votes Abroad san Astráil i 1991. D'fhoilsigh an trí eagraíocht sin polasaithe a cuireadh chuig chuile bhall de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann i dtús na naochadaí. Dúirt chuile pholasaí acu sin gur cearta vótála i nDáil Éireann, don uachtarántacht agus i reifrinn a bhí á lorg. Dúirt siad freisin nach mbeadh ionadaíocht i Seanad Éireann oiriúnach agus nach raibh ionadaíocht den tsaghas sin á lorg. Agus céard a rinne siad? D'fhoilsigh an rialtas páipéar a thairg ionadaíocht i Seanad Éireann. Bhí fhios acu roimhré nach raibh sé á lorg.

I Márta, 1991 thug an trí pháirtí a bhí páirteach sa rialtas i 1994-1997 (Fine Gael, Lucht Oibre agus an Daonlathas Clé) tacaíocht do bhille a thabharfadh cearta vótála d'Éireannaigh i gcéin i dtoghcháin Dála, i dtoghcháin uachtaránachta agus i reifrinn go ceann chúig mbliana déag. Nuair a foilsíodh an páipéar comhchomhairle i 1996 ba mhasla do-sháruithe don diaspora a bhí ann agus léirigh sé cé chomh meabhlach agus chomh fimíneach is a bhí an rialtas sin. Bhí dhá bhall déag den rialtas i Márta, 1996 a vótáil do bhille Gerry O'Sullivan i Márta 1991 - Noonan, Owen, Kenny, R. Bruton, Lowry, Barrett, Spring, Quinn, Taylor, Higgins, Howlin, agus De Rossa. Níor mhínigh an dáréag sin fós cén fáth a raibh moladh chomh suarach sin á thacú acu anois le hais an bhille ar vótáil siad dhó i 1991. Thagair an tAire Comhshaoil Brendan Howlin dó mar athrú polasaí ach níor tugadh míniú poiblí ariamh ar an athrú polasaí sin.

B iad seo na coinníolacha a bhainfeadh le cearta vótála dá leanfadh an rialtas ar aghaidh leis na moltaí seo agus dá nglacfaí leis ag reifreann:10

Beidh duine i dteideal a bheith cláraithe mar thoghthóir eisimirceach más duine é/í-

(a) is saoránach dÉirinn

(b) a bhfuil 18 mbliana d'aois slán aige/aici,

(c) a raibh cónaí air/uirthi sa Stát ar feadh tréimhse íosta deich mbliana,

(d) a bhfuil cónaí air/uirthi lasmuigh den Stát,

(e) nach bhfuil cónaí air/uirthi lasmuigh den Stát le tréimhse is faide ná fiche bliain anuas, agus

(f) a dhéanann iarratas ar chlárú de réir na reachtaíochta atá beartaithe.

Ní bheidh duine i dteideal a bheith cláraithe mar thoghthóir eisimirceach má tá an duine cláraithe de thuras na huaire -

(a) mar thoghthóir Dála de bhun an Achta Toghcháin, 1992, nó

(b) mar thoghthóir i dtoghdas ollscoile de bhun Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937.

Bhí an páipéar comhchomhairle bunaithe ar idirdhealú ar bhealaigh éagsúla:

1. Bhí sé bunaithe ar an dearcadh go bhfuil prionsabal bunúsach de shaghas éicint a deireann gur chóir idirdhealú a dhéanamh in aghaidh Éireannaigh i gcéin maidir le ceann de na cearta daonna is bunúsaigh, ceart vótála, agus gur cheart cosc a chur orthu vótáil i dtoghcháin Dála, uachtaránachta agus i reifrinn mar a dheineas saoránaigh a bhfuil cónaí orthu i nÉirinn. Ní hé amháin nach bhfuil aon bhunús tugtha don tuairim sin, níor ceapadh fiú gurbh fhiú tagairt dhó.

2. Ní bheadh an luach céanna ag dul le gach vóta i dtoghchán an tSeanaid. Dhá mbeadh gach Éireannach thar lear i dteideal vótáil, bheadh an luach céanna ag vóta chéimí amháin ó Choláiste na Trionóide is a bheadh ag timpeall 30 Éireannach thar sáile.

Ní daonlathas é sin.

3. Moladh idirdhealú a dhéanamh ina n-aghaidh siúd a chaith níos lú ná 10 mliana ina gcónaí sa stát nó a raibh cónaí orthu lasmuigh den stát le breis is 20 bliain.

Is idirdhealú é sin.

4. Ní raibh aon ghá ar chéimíthe Choláiste na Trionóide nó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann 10 mliana a chaitheamh ina gcónaí sa stát roimh chéimiú dhóibh nó céimiú le 20 bliain anuas le go mbeidís i dteideal vótáil. Cén fáth a mbainfeadh coinníoll den tsaghas sin le dream amháin ach nach mbainfeadh sé le dream eile?

Is idirdhealú é sin.

5. Ní bheadh céimithe Choláiste na Trionóide nó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann thar sáile i dteideal vótáil do na trí suíocháin seo sa Seanad. Is cosúil go bhfuil réasún leis seo, gan vóta dúbalta a bheith ag daoine. Ach tá vóta dúbalta ag daoine eile - cuir i gcás polaiteoirí a bhfuil céim acu ó Choláiste na Trionóide nó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann. Cén fáth a mbeadh vóta dúbalta ag dream amháin ach nach mbeadh sé ag dream eile?

Is idirdhealú é sin.

Tá daoine adeir nach gceapann siad gur ar idirdhealú a bhí an páipéar náireach sin bunaithe, ina measc ar a laghad taighleoir amháin de chuid an stáit seo. I ndiospóireacht faoin bpáipéar, tar éis don údar cuntas a thabhairt ar na bealaigh éagsúla luaite thuas a raibh bunús idirdhealaithe leis an bpáipéar seo, dúirt Richard O'Brien, Ambasadóir na hÉireann san Astráil, nach bhféadfadh sé glacadh leis gur idirdhealú a bhí sa bpáipéar seo. Níor thug sé aon mhíniú ar an ráiteas sin.11

Ní scéal nua é tuairimí aisteacha a bheith ag taidhleoirí an stáit fhad is a bhaineann sé le himirce. Nuair a thug roinnt Éireannach sa mBreatain, a raibh suim acu i gcearta vótála imeasc rudaí eile, cuairt ar an Ambasáid i Londain i 1985,

The then Ambassador, Noel Dorr, said that, when we left Ireland, that should be the end of it.12

Imeasc na gcoinníollacha eile, dúirt an rialtas go mbeadh ar Éireannaigh i gcéin a dheimhniú gach dara bliain go raibh cónaí orthu ag an seoladh céanna. Níl a leithéid de dhualgas ar lucht vótála do shuíocháin Ollscoile. Ar ndóigh, níor míníodh cén fáth go gcuirfí i gcás go bhfuil furmhór na nÉireannach i gcéin níos mí-ionraice ná céimithe ollscoile.

Faoi láthair, maidir le cearta vótála, is saoránaigh den dara grád iad na hÉireannaigh thar sáile. D'fhágfadh an moladh seo cuid acu mar shaoránaigh den dara grád - bheidís sin i dteideal vótáil do thrí shuíochán sa Seanad, teach atá frith-dhaonlathach maidir le ballraíocht agus nach bhfuil ach mion-ról aige i gcúrsaí na tíre. D'fágfadh sé an chuid eile acu sa tríú grád, mar gur chaith siad níos lú ná 10 mbliana ina gcónaí sa stát nó breis is 20 bliain thar lear.

Níor míníodh cén choir uafásach a raibh na saoránaigh seo den tríú grád ciontach as. Is cosúil gurbh í a gcoir gur rugadh iad i stát a bhfeileann sé do rialtaisí breathnú ar an imirce mar uirlís eacnamaíoch seachas mar chomhartha neamh-éifeachta pholasaithe an stáit.

Dá mbeadh moladh den tsaghas seo i bhfeidhm, ní bheadh vóta ag James Connolly agus Thomas Clarke, beirt den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta i 1916, nó Michael Davitt, laoch Chogadh na Talún, nuair a bhí cónaí orthu thar sáile. Labhair Forógra 1916 faoi

cherishing all the children of the nation equally .

Dhá mb iad Rialtas na bhFimíneach a scríobhfadh é is dóigh gurb é a bheadh ann

cherishing some of the children of the nation equally, discriminating as we see fit among the rest .

Labhair an tUachtarán Mhic Róibín leis an Oireachtas i bhFeabhra 1995 faoi Cherishing the Irish Diaspora. Sé n teideal ba chóir a bheith ar an bpáipéar comhchomhairle Masla don Diaspora.

Nuair a dúirt furmhór na ndaoine a d'fhreagair an páipéar comhchomhairle nach ionadaíocht Seanaid a bhí uathu (rud a bhí ar eolas le blianta ag an rialtas), dúirt an rialtas go gcuirfí an cheist faoi bhráid choiste páirliminte. Sé n t-aistriúchán atá air sin, gur theastaigh uathu dearmad a dhéanamh air. Is mar sin a chríochnaigh ceann de na taispeántais fimíneachta ba mheasa ó aon rialtas sa tír seo.

Tá roinnt mhaith ráite le tamall faoi ionracas pholaiteoirí, go háirithe maidir le híocaíochtaí airgid. Tá ionracas de shaghas eile i gceist i gcás mar seo. Ba chóir ceist a chur ar na daoine a luaitear thuas an bhfuil chuile vóta a chaitheann siad sa Dáil chomh meabhlach agus chomh maslach leis an vóta a chaith siad i Márta, 1991 nuair a cuirtear i gcomparáid é leis an gcur i gcéill a bhí ar bun acu faoin gceist idir 1994 agus 1996. Tá sé in am acu labhairt agus gan fanacht ar scáth a gclóca fimíneachta.

Na hArgóintí in aghaidh cearta vótála

Tá argóintí áirithe a úsáidtear go rialta ag daoine a deir nár chóir cearta vótála a bheith ag saoránaigh Éireannacha a bhfuil cónaí orthu thar sáile. Ina measc tá na ceanna seo leanas:

1. Tá Éireannaigh i gcéin aineolach faoi chúrsaí na hÉireann

2. No representation without taxation

3. Tá an iomarca acu ann

4. Níor chóir dhóibh a bheith páirteach i dtoghchán fhad is nach mbeidh tionchar ag polasaithe an rialtais orthu fhéin.

5 Ní thugann said aon tacaíocht airgeadais don tír.

6. Bheadh sé ró-dheacair

7. Níl sé ceadaithe sa mBunreacht

1. Tá Éireannaigh i gcéin aineolach faoi chúrsaí na hÉireann

Dhá mb é an t-aineolas a bheadh ag cur as do na daoine seo, bheidís ag cur ina choinne cuma cá bhfuil sé le fáil. Ní dhíríonn siad a n-aird ar chor ar bith ar aineolas i nÉirinn. Ní cuirtear aineolas i leith aonduine eile ach amháin na nÉireannach i gcéin. An gceapann siad dháiríre go bhfuil chuile dhuine i nÉirinn eolach agus chuile dhuine thar lear aineolach? Samhlaítear, is cosúil, go dtagann aineolas orthu chomh luath is a fhágann siad an stát agus go n-imíonn sé arís chomh luath is a fhilleann siad. Muna bhfuil sé sin fíor, agus má tá fiúntas ar bith ag baint leis an dearcadh seo, ba chóir deighilt a dhéanamh idir na daoine thall atá eolach agus na h-aineolaithe agus cearta vótála a thabhairt dhóibh siúd atá ar an eolas. Ach ní shin a bhíonn á rá. Cuirtear i gcás go bhfuil siad uilig aineolach - gan fianaise ar bith a chur ar fáil ar ndóigh.

Agus má tá caighdeán áirithe eolais ag teastáil, cén caighdeán atá i gceist? Agus cén fáth nach mbeadh an caighdeán sin ag teastáil ó dhaoine i nÉirinn freisin? Muna mbeadh, is idirdhealú a bheadh ann.

2. No representation without taxation

Ní luaitear i gcónaí narbh é sin an nath a bhí i gceist san ochtú céad déag ach a mhalairt: No taxation without representation, nó Taxation without representation is tyranny an leagan a luaitear uaireanta le James Otis (1725-1783). D'fhéadfaí a rá chomh maith céanna gur tíorántacht atá san imirce gan ionadaíocht.

Ní bhacann daoine a úsáideann an nath seo a léiriú cén fáth go mbeadh brí ar bith leis an nath (ceann a n-aontódh roinnt mhaith daoine leis) má déantar malartú ar an dá ainmfhocal agus nath nua a chumadh. Ach thairis sin, is cosúil gurbh é a dúirt Otis No part of His Majesty s dominions can be taxed without their consent.13

Ní bactar a rá ach oiread nach bhfuil ceart vótála ceangailte ar bhealach ar bith le híocadh cánach. Níl a leithéid de choinníoll sa mbunreacht nó i ndlí ar bith de chuid na tíre seo. Agus dhá mbeadh a leithéid de choinníoll, toradh amháin a bheadh air go mbainfidh an vóta de dhaoine áirithe sa tír seo nach n-íocann cánacha anois. Ach níl sé faiseanta é sin a luadh nuair a bhíonn an argóint mí-ionraic seo á úsáid.

Ní déantar trácht ach oiread gur le haghaidh seirbhísí a chur ar fáil a bailítear cánacha agus gurb iad na daoine a bhfuil cónaí orthu sa tír a bhaineas leas as na seirbhísí sin.

3. Tá an iomarca acu ann.

Is fíor a rá go bhfuil an iomarca Éireannaigh i gcéin ach ní hionann sin is a rá gur chóir faillí a dhéanamh ar a gcuid ceart. Sé a mhalairt ar fad is ceart a rá - mar go bhfuil an oiread sin acu ann, go méadaíonn sé go mór an feall atá á imirt orthu.

Sé n chéad rud ba chóir a rá faoin líon saoránach atá thar sáile, go dteaspáineann sé go rí-shoiléir cé chomh dona is a theip ar chóras eacnamaíochta agus polaitíochta na tíre seo. Léiríonn sé thar aon rud eile an bhail mí-nádúrtha atá ar dhaonra na tíre nó a bheadh ar thír ar bith eile a bhfuil suas le 22% de dhaoine a rugadh sa stát ina gcónaí i dtíortha eile. Is rud mí-nádúrtha é sin ach níl aon ghanntanas polaiteoirí sa tír seo a thugann le tuiscint gur chóir glacadh leis mar dhlí nádúrtha, ina measc Albert Reynolds nuair a bhí sé ina Thaoiseach:

... in the last three to four years ... there was very little emigration abroad out of Ireland in fact, because there were no job opportunities in the traditional places where Irish people go whether it's Canada or the United States or indeed Australia or New Zealand, or Britain. So the job opportunities weren't there and in fact any younger Irish people that lost their jobs in those economies because of the deep world recession, many of them came home which resulted in a very high unemployment situation in Ireland, about 17%. Now that's the unsolved problem of the Irish economy as I see it.

Not that we want to encourage emigration but Irish people have always liked to emigrate for a while ... .14

Is masla millteanach é milleán na dífhostaíochta a chur orthu siúd nach bhfuil guth ar bith acu sa gcóras polaitíochta. B fhearr go mór an milleán a chur ar pholasaithe rialtas. Bhí Reynolds ina bhall de rialtaisí éagsúla ó dheireadh na seachtódaí go dtí 1994.

Agus Brian Lenihan:

The world is now one world and they can always return to Ireland with the skills they have developed. We regard them as part of a global generation of Irish people. We shouldn't be defeatist or pessimistic about it. We should be proud of it. After all, we can't all live on a small island.15

Sa mbliain ar dhúirt Lenihan an méid sin, d'fhág 42,000 níos mó an tír ná mar a tháinig, agus 44,000 an bhliain dár gcionn, sé sin 2.4% de dhaonra iomlán an stáit. Ní léir go baileach cén fáth ar chóir d'Éirinn nó do stát ar bith, cuma beag mór é, oileán nó mórchríoch, a bheith brodúil as tubaiste ar an scála sin.

Tá tuairimí chomh leibideach céanna le fáil le fada. D'fhoilsigh Alexis Fitzgerald a leithéid i 1954. Déanann J. J. Lee plé ionraic ar an gceist seo, go háirithe ar thuairimí Fitzgerald.16

4. Níor chóir dhóibh a bheith páirteach i dtoghchán fhad is nach mbeidh tionchar ag polasaithe an rialtais orthu fhéin.

Tá tionchar ag na polasaithe a leanadh agus a dhíbir an oiread sin as an tír ar fhormhór lucht imirce chuile lá dá saol. Deir an argóint seo nár chóir tada a rá faoi na polasaithe sin agus nár chóir do na daoine ar lig an stát síos chomh dona sin iad tionchar dá laghad a bheith acu ar cheartú a dhéanamh ar na polasaithe sin. Is náireach ar fad an dearcadh é sin.

5 Ní thugann said aon tacaíocht airgeadais don tír.

Níl sé seo fíor. Déanann Éireannaigh i gcéin leas don tír ar bhealaigh éagsúla. Tugann siad tacaíocht d'earraí agus do sheirbhisí Éireannacha, déanann siad infheistíocht i gcomhlachtaí agus i dtáirgíocht na tíre.

De réir Bord Fáilte, is ar an imirce atá 63% de thionscail na turasóireachta sa tír ag braith, timpeall leath dhó sin ó Éireannaigh thar sáile.17 Is ionann an leath sin agus teacht isteach tuairim 435 milliún i 1996.18

Agus tá bealach suntasach eile a ndéanann siad difríocht maidir le cúrsaí airgeadais. Mar go bhfuil cuid mhaith acu sin a imíonn dí-fhostaithe déantar laghdú ar bhille leasa shóisialta an stáit. Déantar laghdú freisin ar dhualgaisí an stáit i leith infheistíocht i dtithíocht, in oispidéil agus in a lán seirbhisí eile. Mheas an Dr. John Buckley, easpag cúnta Chorcaigh, gur shábháil sé seo 700 milliún le deich mbliana.19

De bharr sábhailt den tsaghas sin, is mór an tairbhe airgeadais agus polaitíochta don rialtas atá san imirce. Cuireann sé cuma bréige ar an leibhéal dí-fhostaíochta agus sábháileann sé roinnt mhór airgid san am chéanna.

6. Bheadh sé ró-dheacair

Níl sé ró-dheacair do thíortha eile. Ní bheadh sé ró-dheacair anseo dhá mbeadh fonn é a dhéanamh.

7. Níl sé ceadaithe sa mBunreacht

Níl tada sa mBunreacht a deir nach ceadmhach d'Éireannaigh i gcéin vótáil. Tá an argóint seo úsáidte ag Fianna Fáil agus ag an Lucht Oibre. Déantar trácht tromchúiseach ar chomhairle ón ard-oighne ach ní foilsítear aon fhianaise. Tá laige na hargóna seo le feiceáil go soiléir nuair atá reachtaíocht i bhfeidhm cheana féin a thugann ceart d'Éireannaigh i gcéin vótáil go ceann ocht mí dhéag tar éis dhóibh an tír a fhágáil. Ní léir go bhfuil aon deacracht faoi leith (ach amháin i meoin na bpolaiteoirí) leis an reachtaíocht seo a athrú.

Tá tuairim tugtha faoin gceist ag Anthony Hederman, a bhí ina Ardoighne (1977) agus ina bhreitheamh ar an gCúirt Uachtaraigh. I Nua Eabhrac i 1993 dúirt sé nach raibh aon bhac sa mBunreacht ar chearta vótála d'Éireannaigh i gcéin.20 Tá an méid céanna ráite freisin ag Mary Harney, ceannaire an Pháirtí Daonlathaigh, tar éis dhóibh comhairle dlí a ghlacadh.

Sé n t-aon rud atá sa mBunreacht faoi go bhfuil ceart vótála ag chuile shaoránach agus ag aonduine eile sa stát (saoránaigh na Breataine faoi láthair) nach bhfuil cosc orthu ón dlí.21 Is léir gur athrú ar an reachtaíocht atá ag teastáil seachas leasú ar an mBunreacht. Níl san argóint seo ach iarracht eile chuile dheacracht, fíor nó samhlaithe, a chur sa mbealach.

Tíortha eile.

Tá cearta vótála ag saoránaigh i gcéin i chuile thír eile san Aontas Eorpach ach amháin an Bheilg. Tá an stát seo lán-tsásta an babhla déirce a úsáid go héifeachtach nuair atá cúrsaí Eorpach á bplé. Ach níl sí sásta claoi le caighdeán daonlathais na gcomharsan. Níos Eorpaigh ná na hEorpaigh fhéin - nuair a fheileann sé. Tá an t-uafás ráite le blianta beaga anuas faoi thábhacht an tsaoránaigh san Aontas Eorpach. I gcás na tíre seo, is fimíneacht is mó atá i gceist.

Taobh amuigh den Aontas Eorpach, tá cearta vótála ar fáil ag an saoránach i gcéin sna tíortha seo leanas: Cambodia, an Afraic Theas, na Filipíní, an Iorbhuaidh, an Pholainn, an Ucráin, an Chróáit, an Eastóin, an Liotuáin, Laitve, an Bhulgáir, an Astráil, an Nua Shéalainn, an Bhrasaíl, an Airgintín, Peiriú, an tSír, Kazakhstan agus tíortha nach iad. An lá roimh an toghchán anseo i mbliana, bhí 600,000 míle Ailgéireach ina gcónaí sa bhFrainc i dteideal vótáil ina dtír fhéin.

Le blianta beaga anuas, tá Éire ag cur toscaireachtaí chuig tíortha éagsúla le breith a thabhairt an bhfuil toghcháin na dtíortha sin ceart is cóir. Ina measc sin tá an Afraic Theas agus Cambodia, tíortha a chéadaíonn vóta dá saoránaigh thar lear. Sé sin le rá, tá ionadaithe poiblí ó thír nach bhfuil toghcháin daonlathacha ar fáil ann ag rá leis na tíortha seo ar chóir glacadh leis na toghcháin sna tíortha seo mar thoghcháin saor agus cóir. B fhéidir nach dtuigeann na daoine sin go bhfuil siad ag tabhairt masla d'Éireannaigh i gcéin, do phobal na dtíortha sin, d'Éireannaigh thrí chéile agus dhóibh fhéin. Ní léir cén fáth a mbeadh daoine sna tíortha eile seo sásta éisteacht le focal ionadaithe ó thír a chleachtann fimíneacht den tsaghas seo.

Ba chóir deireadh a chur leis an bhfimíneacht seo atá á dhéanamh thar ceann an náisiúin. Má leantar leis seo, Oileán na bhFimíneach a bhéas á thabhairt ar Éirinn feasta. Más sin é atá ag teastáil ó phobal na tíre seo ní gá dhóibh tada a dhéanamh ach fanacht ina dtost agus cead a gcinn a thabhairt do na polaiteoirí atá ag gníomhú ina n-ainm ar bhealach chomh náireach agus chomh maslach sin.

Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach

Ní féidir le páirtí ar bith a bhí i mbun rialtais le deich mbliana anuas a bheith bródúil as a bhfuil tárluithe faoi n gceist seo. Níl tada tarlaithe ach go bhfuil roinnt mhaith cainte déanta agus an scéal fós mar a bhí.

Siad Fianna Fáil an t-aon pháirtí a chuir i gcoinne aon reachtaíocht a dhéanfadh ceartú ar an scéal ar chuile ócáid agus ar chuile bhealach. Ní féidir aon mhuinín a bheith as an méid a dúradar roimh an toghchán deireannach - go ndéanfaí iarracht reachtaíocht vótála a chur i bhfeidhm faoin mbliain 2000. Ní léir go bhfuil aon athrú meoin fós ar an bpáirtí sin.

Má tá aonduine fós ann a cheapann nach mbreathnaíonn rialtaisí sa stát seo ar an imirce mar ghléas geileagair, mar chomhla sceite , ní gá ach suntas a thabhairt d'agallamh le Bertie Ahern nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais i 1992. Tar éis dó a aontú go bhféadfadh dífhostaíocht dul chomh hard le 300,000, phlé sé na bealaigh a bhféadfaí feabhas a chur ar an leibhéal scanrúil sin sna blianta 1994-1996:

"... If we had three years of 25,000 net new jobs each year that's 75,000 jobs."

Turning to emigration he accepted that it will go back up again once the economies of countries such as England and the US improve. "If we had emigration of 25,000 for each of those three years that s another 75,000. That could change the whole ballgame," he said.22

Más sampla é sin den chumas intleachtúil atá le cur in éadan fadhbanna na tíre, tá an stát i gcruachás. Ní cúis bróid don tír é go bhfuil fear a bhfuil a laghad sin measa aige ar Éireannaigh anois ina Thaoiseach. Is cúis náire freisin é nár cuireadh iallach air a leithscéal a ghabháil leis na hÉireannaigh ar fad (ní hé amháin lucht imirce) a bhí maslaithe aige nuair a dúirt sé an méid sin. Is cosúil gur beag atá foghlamtha ó d'fhoilsigh William Smith O'Brien paimfléad in 1830

advocating emigration as the one remedy for Irish misery.23

Maidir leis an bPáirtí Daonlathach, sé an polasaí atá acu gur chóir cearta vótála a bheith ag Éireannaigh i gcéin a bhfuil an tír fágtha acu le tamall beag de bhlianta - chúig mbliana atá i gceist acu leis seo. Ní thugann siad aon mhíniú ar an teora sin. Tá sé á mhaíomh acu freisin gurb iad an t-aon pháirtí rialtais go bhfuil polasaí den tsaghas seo acu. Ach fhad is atá siad i gcomhrialtas le Fianna Fáil ní gá dhóibh beart a dhéanamh dhá réir.

Tá cúram chearta daonna sa rialtas nua ar Liz O'Donnell, duine dhá gcuid teachtaí. Ag labhairt di i mBéal an Átha ag Scoil Samhraidh Humbert i mí Lúnasa, dúirt sí

We need a solidarity that regards violation of human rights or the repression of democracy, wherever this happens, as unacceptable and requiring international censure. ... Respecting human rights is not about abstract goals or eloquent speeches, neither is it simply a cheque-writing exercise.24

Tá an ceart aici gur chóir international censure a dhíriú ar an stát seo nó ar stát ar bith eile a dhéanann sárú ar chearta daonna an oiread sin saoránach. Go dtí go ndéantar athrú ar reachtaíocht toghchánaíochta an stáit, níl in eloquent speeches den tsaghas sin ach tuilleadh fimíneachta.

Dualgaisí idirnáisiúnta

Chomh maith leis na dualgaisí atá ar an stát i leith a chuid saoránach, tá dualgaisí air freisin de bharr conraithe idirnáisiúnta. Tá dhá chonradh faoi leith a bhaineann le cearta daonna a bhfuil faillí á dhéanamh ag an stát seo orthu: Forógra Comhchoitianta Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe (1948) agus an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (1966).

Tá dualgaisí faoin bhForógra ar thíortha atá ina mbaill de na Náisiúin Aontuithe (i gcás na hÉireann ó 1955 i leith) agus go bhfuil glactha acu leis an bhForógra:

Airteagal 21

1. Tá ag gach uile dhuine an ceart chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí rialaithe a thíre, go díreach nó trí ionadaithe a toghtar go saorálach.

2. Tá chomhcheart ag gach uile dhuine rochtain a bheith aige ar an tseirbhís phoiblí ina thír féin.

3. Is é toil an phobail is foras don údarás rialaithe; léireofar an toil sin de thoradh toghchán ionraic a dhéanfar ó am go ham trí vótáil chomhchoiteann agus trí rún-bhallóid nó ar mhodh dá shamhail sin a ráthaíos saoirse vótála.25

Tá faillí á dhéanamh ar an dualgas sin ó 1955 i leith. Nó b fhéidir gurb é tuairim an rialtais nach bí seo ár dtír. Má sé, ba chóir dóibh an dearcadh sin a mhíniú.

Shínigh rialtas na tíre seo an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla i 1989. Ní réitíonn reachtaíocht na tíre seo fós leis na dualgaisí atá ar an stát de bharr Airteagal 25:

Every citizen shall have the right and the opportunity, without any of the distinctions mentioned in article 2 and without unreasonable restrictions:

(a) To take part in the conduct of public affairs, directly or through freely chosen representatives;

(b) To vote and to be elected at genuine periodic elections which shall be by universal and equal suffrage and shall be held by secret ballot, guaranteeing the free expression of the will of the electors;

(c) To have access, on general terms of equality, to public service in his country.26

Arís, is ar shaoránacht atá an ceart sin bunaithe mar is léir ón gcéad dá fhocal Every citizen ... .

Ba chóir d'údaráisí an stáit a mhíniú cén fáth an bhfuil an tír seo sásta a bheith páirteach i gconarthaí idirnáisiúnta muna bhfuil sí ag dul aird a thabhairt ar na dualgaisí a thagann leo.

De bharr an chonartha seo freisin, tá ar an stát tuairisc a chur ar fáil do Choiste Chearta Daonna na Náisiún Aontuithe gach chúig bhliain. D'fhoilsigh Éire a céad tuairisc i 1992 agus pléadh í os cóir an Choiste i Mí Iúil, 1993. Sa tuarascáil sin dúradh go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh vótáil i dtoghcháin. Níl an méid sin fíor, fhad is nach bhfuil aon teora curtha leis. D'fhéadfaí a rá go fírinneach go bhfuil ceart ag cuid de na saoránaigh vóta a chaitheamh ach ní hé sin a dúradh. Tá cosúlacht ar an scéal gur iarracht a bhí anseo dallamulóg a chur d'aon turas ar Choiste Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe agus gur éirigh leis.

An Páipéar Bán

D'fhoilsigh an rialtas Páipéar Bán ar Ghnóthaí Eachtracha i Márta, 1996. I gcaibidil amháin ar The Irish Abroad deirtear

The existence of this vast extended Irish family creates an immense reservoir of goodwill towards Ireland and is one of our most important assets as a nation.27

Ach níl muid chomh tábhachtach sin gur chóir vóta a bheith againn.

Pléann caibidil eile Human Rights. Is ábhar déistine an caibidil seo nuair a cuirtear san áireamh an chaoi a gcaithtear le hÉireannaigh thar lear. Déanann sé ceap magaidh d'Éirinn agus léiríonn sé gur cosúil nach bhfuil teora ar bith le fimíneacht an stáit nó fimíneacht na bpolaiteoirí.

Tréas eacnamaíoch

Tá freagracht faoi leith ag baint leis na daoine a ba chiontach le méadú íontach iasachtaí an stáit idir 1974 agus 1987 ó 1.5 billiún go 24 billiún28 agus an méadú sna fiacha poiblí ó 65% den ioncam náisiúnta go beagnach 120%.29 Nuair a thuit an lug ar an lag ag deireadh an tréimhse sin, bhí méadú imirce ar cheann de na torthaí - ó 9,000 i 1984 go 44,000 i 1989. Ní tharlaíonn a leithéid gan chúis. Na daoine a díbríodh as an tír de bharr an tréas eacnamaíoch seo, ní raibh aon deis acu vóta a chaitheamh agus a dtuairim a thabhairt ar na daoine a ba chúis lena ndeoraíocht. Agus is mar sin atá an scéal go fóill.

Beostoc agus daoine

Tá sé ráite go bhfuil níos mó eolais ag an Lár-Oifig Staidrimh ar onnmhuiriú is allmhuiriú beostoc ná mar atá ar chúrsaí imirce.30 Tá léiriú shimplí le fáil ar thábhacht an imirce ach breathnú ar láthair an Lár-Oifig Staidrimh ar an Idirlíon. Imeasc na Principal Statistics feicfear cé mhéad beithíoch, caora agus muic a bhí in Éirinn i Meitheamh, 1996 agus an t-athrú a tháinig ar an líon sin ó 1994 agus 1995.31 Ach níl tagairt ar bith ar an láthair sin do chúrsaí imirce agus níl aon eolas ann faoin líon Éireannach thar sáile. Is cosúil nach bhfuil 22% de dhaoine a rugadh sa stát chomh tábhachtach is atá na beithigh, na caoire is na muca.

Fimíneacht in ainm mhuintir na hÉireann

Ba chóir deireadh a chur leis an bhfimíneacht atá á chleachtadh ag chuile rialtas le tamall anuas. Tá sé in am ag muintir na hÉireann a thuiscint go bhfuil sé seo á dhéanamh ina n-ainm agus go bhfuil an tír á náiriú os comhair an tsaoil. Níor cheart dhóibh a ligint do pholaiteoirí na tíre leanacht ar aghaidh leis an gcur i gcéill go bhfuil suim acu i gcearta daonna nuair atá faillí á dhéanamh acu ar chearta daonna an oiread sin Éireannach go seasta agus nuair atá sé ar intinn acu leanacht ar aghaidh leis.

Fhad is nach bhfuil freagracht ar bith ar pholaiteoirí dhóibh siúd ar chlis an stát orthu, ní bheidh aon ghá polasaithe a chur i bhfeidhm a dheimhneós nach mbeidh ar ghlúin eile fós a n-aghaidh a thabhairt ar an mbád bán.

Tá ceist bhunúsach le freagairt. Ó tharla go mbaineann gach rialtas cearta vótála de 22% de dhaoine a rugadh sa stát, agus go ndéantar é sin d'aon turas, ar chóir Éire a áireamh mar dhaonlathas? Más cóir, cén fáth?


Tagairtí

1 Roinn Gnóthaí Eachtracha Challenges and Opportunities Abroad Baile Átha Cliath, 1996
2 Katie Donovan How many Irish out there now? Irish Times, Márta 8, 1995
3 Robert Blackburn i Robert Blackburn (eag.) Rights of Citizenship Mansell, Londain, 1993 lch 75
4 Carl Cohen Democracy Free Press, Nua Eabhrac, 1971 lch 124
5 J. M. Barbalet Citizenship Rights, Struggle and Class Inequality (Open University Press, Milton Keynes, 1988 lch 2; luaite i Paul Close, Citizenship, Europe and Change Macmillan, Basingstoke, 1995 lch 10
6 Encyclopaedia Brittanica, 1997
7 Vincent Browne Judgment on funding may cause havoc in election Irish Times, Meán Fómhair 25, 1996
8 Padraig Flynn Dáil Éireann, Márta 5, 1991, lch 2412
9 Michael Higgins Dáil Éireann, Márta 12, 1991, lch 733
10 Aire Comhshaoil Ionadaíocht d'Eisimircigh i Seanad Éireann: Páipéar comhchomhairle arna eisiúint ag an Aire Comhshaoil An Roinn Comhshaoil, Baile Átha Cliath, 1996
11 Richard O'Brien Ireland Calling 2RDJ, Sydney, Meitheamh 1, 1996
12 John Martin Letters Irish Post, Londain Meán Fómhair 9, 1995
13 John Bartlett; J. Kaplan (eag.) Familiar Quotations Little, Brown and Co., Boston, 1992
14 Albert Reynolds Ireland Calling 2RDJ, Sydney, Samhain 20, 1993
15 Brian Lenihan, Newsweek Deireadh Fómhair, 1987; luaite i Ellen Hazelkorn We can't all live on a small island : the political economy of Irish migration i Patrick O'Sullivan (eag.) The Irish in the New Communities Leicester University Press, Leicester 1992
16 J. J. Lee Ireland 1912-1985 Cambridge University Press, Cambridge, 1989 lgh 380-384
17 NESC The Economic and Social Implications of Emigration Baile Átha Cliath, 1991 lch 240
18 Lár-Oifig Staidrimh, 1997
19 Dr John Buckley Irish Post Londain, Iúil 8, 1995
20 Irish Emigrant Vote Campaign Newsletter Autumn 1994
21 Bunreacht na hÉireann, Airteagal 16.1.2
22 John Walshe Unemployment could rise to 300,000 Irish Times, 10 Márta, 1992
23 James Connolly Labour in Irish History Maunsell, Baile Átha Cliath, 1910, lch 127
24 Uinsionn Mac Dubhghaill Ireland will seek tougher EU stance on Burma - O'Donnell Irish Times, Lúnasa 16, 1997
25 Náisiúin Aontaithe Universal Declaration of Human Rights 1948; aistriúchán: an Roinn Gnóthaí Eachtracha, 1988
26 Náisiúin Aontaithe International Covenant on Civil and Political Rights 1966
27 Roinn Gnóthaí Eachtracha Challenges and Opportunities Abroad Baile Átha Cliath, 1996
28 Oliver Mangan Something to cheer about from the dismal scientists Irish Times Lúnasa 15, 1997
29 Economist Green is good Bealtaine 17, 1997
30 Katie Donovan How many Irish out there now? Irish Times, Márta 8, 1995
31 Lár-Oifig Staidrimh Lúnasa 31, 1997

This page hosted by
Get your own Free Home Page 1