De bharr na gcnoc agus síos na gleannta 'S trí choillte 's trí phortaigh san fhásach i gcéin 'S gan rian ach an abhainn mar bhealach abhail Chun Chapeau a shroichint faoi dheireadh an lae.
Curfá: Tabhair dúinn fuiscí, lionn is braindí Beimid ag ól nó go mbeidh sé 'na ló Buidéil is gloiní is ceol is cailíní, Fágaimis slán leis na coillte go deo!
Ó d'fhágamar bréantas an tseaintí 'nár dhiaidh Fíorbhaol na tiomána 'gus pian na sclábhaíocht' 'S ár bpócaí ar pléascadh le píosaí geala 'S go bhfuil tart an gheimhridh le bualadh siar!
Nach míle níos fearr mo chuid aimsire a chaitheamh Le bean ar mo ghlúin agus gloine i mo láimh Ná geimhroícheanta uaigneacha a fhulaingt sa seaintí Gan chailín a bhainfeadh an fuacht de mo chnámh'!
Dá rachainn ar ais san áit mallaithe choíche Gur chaill mise bláth mo chuid óige ann fadó, Ó cé gurbh fhada lánchasta an bóthar, Faoin earrach bí cinnte go mbeidh mé anseo! |
|