MIDI

Ar ais


Back

Oíche Dé Sathairn sa Seaintí
Tadhg Ó Muiris, 1999

Oíche Dé Sathairn i gciúnas an tseaintí
'S tá na fir óga sa sráidbhaile ag ól
Iarrtar ormsa teacht leo gach seachtain
Ach ní rachads' ar spraoithe níos mó.

Curfá:
Stróicfidh na gaoithe mé, ciapfaidh an fuacht mé
Brisfear mo dhroimse ó mhaidin go hoích'
Is clúdach na gcrann os mo chionnsa dom' chosaint
Ar chuimhne na spéirmhná ná feicfead arís.

Is annamh a théimse amach leis na buachaillí
Ach ar filleadh ar ais dom bíonn buidéal nó dhó
D'fhonn seanduine dóite a spreagadh chun scéalta
A insint faoi laethanta m'óig'.

Bhí lá ann is mise chomh croíúil libh féin, ó
Im rógaire meidhreach 's mé súgach gan ghruaim
Is cailíní óga ag ól is ag damhs' liom
Nó gur tharla dhom an ainnir dheas rua.

Scaoil mé mo rún léi le véarsaí 's le rósaí
'Sé dúirt sí go rabhasa i gceartlár a cléibh
Ach tháinig na taibhsí go tubaisteach eadrainn
Is fágadh im thaibhse féin mé.

Anois i mo thaibhse 'sea shiúlaim an domhan
Im scáth, im mo scamall, im sciathán dubh mé
Gan dóchas, gan eagla, gan stair is gan todhchaí
Gan í nó go rachad sa chré.
1