MIDI

Ar ais


Back


Tiomáint an Earraigh

Tadhg Ó Muiris [SOCAN, 1996]

Chuala aréir na géanna 's iad ag teacht chugainn abhaile
'S cogarnaíl an uisce bheo 'sna srútháin arís
Tá an tuairsceart 'na dhúiseacht le haoibhneas an tséasúir
Ach fanann sioc an gheimhridh i lár mo chroí.

Curfá:
Ach bíonn tusa liomsa is gciúnas na coillte
Gan torann ach an sneachta 's é ag sleamhnú den chraoibh
Is feicim thú i gcónaí i spréacha na tine
Is thuas insna soilse thuaidh istoích'.

Trí mhí cheana caite agam sa seaintí sna coillte
B'aoibhinn liomsa fanacht leat, a lao ghil 's a rúin
Ach tá an briseadh tagtha go han-mhoch sa bhliain
Is tiomáint an earraigh in éineacht leis, mo chreach!

Fágfaidh mé an áit seo leis an meitheall Dé Luain
B'fhéidir chun bás fuar a fháil faoi uisce bán na habhann
Tabhair do lámh 's do ghrá dhom, a stóirín, roimh imeacht dom
Is ná bíodh uaigneas ort im dhiaidh.

Nuair a bheidh an tiomáint thart 'sea fillfidh mé abhaile.
An bhfaighidh mé mar bheanchéile thú, a chuisle 's a stór?
Nó an éireoidh do chroí chomh fuar le leac oighir ar an abhainn?
Más amhlaidh, b'fhearr liom luí faoi thonnta crua.
1