MIDI

Ar ais


Back


An Mianadóir

Tadhg Ó Muiris, 1999

Tá greim an fhir bháite ag na giúiseanna liath'
Ar tonnta an eibhir, stoirm gan séideadh
'S go mbíonn an gála síorchruata ag ciapadh
Farraige reoite na Scéithe.
Ach thíos sa sloc seo níl gaoth ná báisteach
Ach cleatar an chaighin is scréach an chábla
Crónán an chreasa 's an béalmhír ag gearradh
'Gus laetha gan solas na gréine.

Na gleannta a shiúlfainn im bhuachaill óg
Fríd ghlaise an Earraigh 's bladhm an Fhómhair
'S mo bhaile ar bhruach na hOttawa Móire
'Sé d'fhág mé an méid sin im dhiaidh.
Is céadta míle 'sea chuas go léanmhar
Ar traein go dtí an Torcán Craobhach
I ríocht iargúlta an mhúis is an bhéabhair
D'fhonn obair a fháil insan mianach.

Níor mhór dom mo mhuintir a thréigint faoi léan
'S mo dhriotháir caoin a gheobhaidh an fheirm
Na goirt á saothrú 'ge faoi laomthacht na gréin'
Is an spéir réaltógach istoíche.
Ach thíos sa mhianach ó am go chéile
Druidim na súile is téim im aigne
Ar ais san áit chraobhach ar fhág mé slán léithe
An cailín 'tá fós i mo chroíse.

Is cuimhin liom cumhracht na hoíche faoi dhrúcht
'S mé im luí 's mo stóirín sínte taobh liom
An ghealach ag scuabadh a ciabhfholt rua
Is a brollach ar crith faoi mo lámha.
Níl gealach-loinnir anseo sa mhianach
'S gur dubh an oíche 's í gan chríoch
Ach lampa mo chlogaide ag lonrú go drithleach
Fríd phutógaí óir an fho-dhomhain.
1