MID

Ar ais


Back

Abhainn gan trua


Tadhg Ó Muiris, 1998

Ó fagfaidh mé slán ag mo mhuintir go deo,
Ní féidir liom fanacht sa bhaile níos mó
'S mé ag éisteacht go buan gach óiche 's gach ló
Le murmar na habhann 's a cuid chrónáin.

Curfá:
'S tú an abhainn gan taise, 's tú an abhainn gan trua
'S tú a ghoid díom mo bhuachaill óg deas
'S go raibh mé amáireach i bhfad ó do bhruach
San áit úd nach gcloisfinn do cheolsa.

Is cuimhin liom an lá sin a d'imigh sé uaim
Bhí grian an earraigh i ngléghil a shúl
'Sé dúirt mo stór liomsa gan bheith faoi ghruaim
'S gur phósta a bheimis sa samhradh.

Maidin bhreá earraigh is mé ag crú na mbó
Ní raibh sé ach seachtain tar éis imeacht dó
Nó gur tugadh an scéal dom gur cailleadh mo sheod
'S nach bhfeicfinn mo ghrá geal a thuillead.

Ba chuma dá dtabharfaidis droim láimhe dhom
Is cuma liom tarcaisne shagart na paróist'
Níl céasadh níos géire le himirt sa domhan
Ná an arraing atá trí mo chroíse.

Ní fhaca mo bhuachaill le trí ráithe crua
Ach ní dhéanfaidh mé dearmad ar ghnúis mo rúin
Feicim báine a chraicinn is goirme a shúl
'S mé ag féachaint ar mo linbhín álainn.
1