An bhfeiceann tú na soilse lena bhfuil an oíche sáite? Seo chughainn an tArm Ceanadach ar lorg fhuil na bhfear A thóg an claíomh suas chun a dteaghlacha a chosaint Ó na méirligh 'bhfuil an mhórchuid ina seilbh cheana féin.
Ná cloiseann tú roisc catha siad ag éirí ar na gaoithe, Nó bualadh na ndord cogaidh 's iad ag glaoch tríd an gcoill Níl ghéillfidh siad orlach, 's ní bhogfar iad feasta Os cionn sheanreilig a sinsear, éiríonn pobal beo.
Thángadar sa dorchadas mar ghadaithe san óiche Dá leagfaí mná is páiste ann ba chuma sa tsioc leo Ní dóigh go raibh súil acu leis an bhfáilte a cuireadh rompu Go dtabharfaí dhóibh slóg doimhin dá cúpán searbh féin.
Bhí treibh oileánach ann fadó 'dibríodh óna mbailte A dtír á goid trí chalaois is a dteanga á cur faoi chois Ach d'fhás a síol sa tír seo, gur duine dá sliocht mise Nach nglacfainn páirt san éagóir, 's nach bhfanfainn i mo thost.
|
|
|